Na prátaí

Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Cuireann chuile duine fataí ar a bhfeilm gach bliadhain. Is iad na fir a chuireanns iad i gcomhnuidhe. Cuirteat sean-leasughadh feamna ar an talamh idir Samhain agus Fé’l baighde sul a chuirtear iad. Annsin nuair a bhíonntar dhá gcur is minic gur feamain dubh a chuirtear mar áit leasughadh ar na tailtíbh bána; acht is minic go gcuirtear aoileach ar thalamh luirg a bhéas ráithte le síoltaibh cheana. Cuirtear múirín air freisin. IS é an rud muirín ná feamain a bhéad lobhtha i-n-a bainc. Is é an chroi a scartar na ríolta ó’s cionn na feamna ar na taltaibh bána ar dtús agus annsin déantar iomairí atá slat ar léithead agus clais eadthorta atá tuairim’s troig ar léithead. Déantar na taltaí luing a shocrughadh ar dtús agus annsin caithtear isteach an fód ó’s cionn na feamna. Is le spáid a déantar na h-iompairí i n Árainn. Is é an chaoi a gceannuighthear na sráideanna ins na siopaibh gach bliadhain.

Is é an chaoi a ghearrtar na fataí, an píosa de’n fata a mbíonn súil air a bhaint de le scéin agus an toin a bhéas ar an bhfata a fhágaint, agus tugtar laogháin ortha sin. An píosa de’n fata a mbíonn an tsúil air agus fágtar é trí nó ceathrair de laethantaibh i gcliabh nó go seargann sé agus annsin é a chur san talamh. Ní fháightear na ríolta acht i dtalamh luirg agus cuirtear síos dhá orlach san gcré iad le liaghán. Is é an rud liaghán ná píosa iarainn tuairim’s leath-throigh ar léithead. Cuirtear lámh ádhmaid ar a bharr le breith air. Cabhruigheann na comharsana le n-a céile ag cur na bhfataí.

Nuair a bhéas na fataí tuairim’s mí curtha trinnseáltar ias. Annsin cuirtear spray ortha nuair a bhíonns na barranaí roinnt árd o cionn na talmhan ar fhaichtíos go dtiucfadh an dubh ortha. Baintear fataí nuadha chuile bliadhain lá’l Pheadar is Pól. Nuair a chuirtear i bpollaibh san ngarrdha iad san bhfaghmhar cuirtear fód ó’s a gcionn. Nuair a bhíonn siad scathamh insna pollaibh tarrnighthear abhaile iad agus cuirtear i sciobhail iad. Fásann Banners, Dates, Epicures, Flounders, Pilots agus Pink Eyes san oileán seo. Deirtear gurbh iad na Dates agus na Banners is fearr a fhásann sa gceanntar. Aráidthear fataí chun “Starch” a dhéanamh. Is é an chaoi a ndéantar an “Starch” na fataí a scríobhadh agus an rúgh a bhíonns fútha a choinneál go dtuitfeadh an chuid reamhar de ar íochtar an tsaithigh. Annsin caithtear ar an barr agus triomuighthear an t-íochtar agus bheadh sé go maith éadach a dhéanamh láidir.

Collector: Mícheál Ó hIarnáin, Kilmurvy, Co. Galway

Informant: Tomás Uá Conghaile, Kilmurvy, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie


Na prátaí

Seo é an chaoi a g-cuirtear an síol fataí i-n-Árainn: cuirtear feamain nó aoileach mar leasughadh ar an talamh faoi Shamhain. Tugtar sean-leasughadh air seo. Insan Earrach leagtar amach iomairí timcheall trí troigh ar leithead. Cuirtear feamain nó aoileach arís air mar aith-leasughadh. Leagtar an síol ar an leasughadh agus cuirtear fód ó’s cionn an t-síl le ramhainníbh. As Gaillimh a thagas na láighí a cheannuigheas muinntir na h-áite seo. Cabhruigheann na comharsana le chéile ag cur agus ag baint na bhfataí.

Nuair a bhíonns na fataí tuairim’s cúig nó sé de sheachtainíbh curtha cuirtear aithchré leo arís. Nuair a bhíonn na fataí ag fás agus an salachar ag fás ionnta gort-ghlantar iad. Sprayáiltear annsin iad, agus gach trí seachtmhain a sprayáiltear iad i-n-a dhiaidh sin, le iad a chosaint ón duibh. Baintear na fataí i Mí Deiridh Fóghmhair. Pioctar na fataí móra ar dtús. Annsin pioctar na fataí beaga le h-aghaidh na muc. Fágtar na fataí i-g-cárnánaibh le h-aghaidh síl go dtí an t-Earrach i-n-a dhiaidh sin. Déantar na puill fada caol le h-aghaidh na bhfataí a chur ionnta. Bíonn na fataí a d-tugtar Flounders ortha ag daoiníbh san áit le baint san g-céad Fhóghmhar. Siad na Up-to-Dates agus Aran Banners na fataí is coitchianta atá san áit seo.

Collector: Caitlín Ní Chonghaile, Oghil, Co. Galway

Informant: Seán Ó Conghaile, Oghil, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

 

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.