Arán

Claregalway

Ithim arán gach lá. Déantar an t-arán de phlúr agus déantar an plúr de cruithneacht. Cuireann na feilméaraí cruithneacht thart anseo. Díolann siad cuid de’n chruithneacht agus tugann siad cuid di chuig an muilean le na meilt. Níl aon mhuileann ins an bparáiste seo acht tá ceann i gCreig agus tá cúpla ceann i nGaillimh. “Cáisgín” a tugatar ar an bplúr a dhéantar de’n chruithneacht a fhásas sa mbaile. Déantar arán de’n chaisgín leis féin agus is minic a measgtear an caisgín tríd an bplúr a cheannuightear ins na siopaibh. “Cáca” a tugatar ar an arán a déantar sa mbaile agus ‘builín’ a tugtar ar an arán a díoltar ins na siopaíbh. Is fearr agus is foláine agus is láidire an cáca cáisgín ná aon arán eile.

Déanann mo mháthair arán sa mbaile. Seo í an chaoi i n-a ndéanann sí cáca/
Geibheann sí losaid nó báisín mór agus cuireann sí cúpla mám plúír ann. Ansin gheibheann sí gráinne sóide agus measgann sí tríd an blúr é. Annsin cuireann sí bláthach nó bainne géar air agus measgann sí tré na chéile iad. Taois a bhíos aice annsin agus nuair a bhíos sí fuinte aice déanann sí cruinn í agus annsin leathnuigheann sí amach í go mbíonn an cáca comh mór leis an mbácaís beagnach. Bíonn an bácús dhá théitheadh cois na teine agus cuimliigheann sí píósa ime de thóín an bhácúis i gcaoi nach ngreamóchadh an cáca de’n bhácús. Annsin cuireann sí an cáca isteach ann agus cuireann sí an cáca isteach ann agus cuireann sí teine faoin mbácús agus os a chionn agus fágann sí annsin é go mbíonn an t-arán bruithte. Tá greidill ag cuid de na daoinibh thart annseo fós agus is fearr le na daoine sin an cáca a bhruithtear ar an ngreideall ná an cáca a bruithtear san mbácús. Is maith leo cáca greidill te agus im air le haghaidh an tae sa tráthnóna. Déanann mo mháthair a dhó nó a thrí de chácaibh gach lá. Déanann sí cáca d’fhataibh agus de phlúr anois agus arís. Déanadh na daoine cácaí de phlúr agus de mhin-bhuidhe fadó. Do mheileadh na daoine cruithneacht sa mbaile fadó le bróintibh, dhá chloich mhóra os chionn a chéile agus píosa mór iarainn aníos as ceann aca agus é ag dul suas tríd an gceann eile. Bhíódh lámh mhór suas le n-a chasadh.  Is cuimhneach le Seaghán Ó Cuinn (82), Creag Bhuidhe, go bhfaca sé daoine ag déanamh cácaí de mhin-choirce agus de bhláthaigh.

 

Collector: Unknown

Informant: Seaghán Ó’Cuinn

Place: Claregalway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, (http://www.duchas.ie/en/cbes/4566083/4565692) (22 Apr 2017).

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.