arán san am fadó

Ballyglass South, Co. Galway

Ní bhíodh arán plúir ag ar sinnsear acht um Nodhlag. Bhíodh arán min coirce bocsti., leite faoí cupóig, agus cacha phótha acu gach uair eile sa mbliadhain.
Bhíodh arán min coirce dhéanta le min coirce agus uisge measgta le chéile agus chuireadh siad in a sheasamh e ar an teallach ar agaid píosa adhmaid agus tugadh gabhlóg ar an bpíosa adhmaid sin. Seo é an caoí a dhéineadh siad bocsti
Sgriobadh siad cúplá fataí dubha ar mbosca stáin in a raibh puill. Meascadh siad iad le min choirce agus dhéineadh siad é a bacáilt i bpóta. Dhéineadh siad leite faoí chupóig le min choirce measgtha le bainne géar agus chuireadh siad é idir dhá duilleóig cabáiste le bacáilt. Bhíodh caca phóta acu a dhéantaoi de min coirce agus bainne géar meascuigthe le chéile. Chuireadh siad é cun bacáilt í bphóta agus bhíodh cuma an phóta ar an gcáca.
Dhéineadh siad arán fataí mar seo.

Collector: Máire Cáit Ní Mhuireagán, Kilsallagh, Co. Galway

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.