Fataí.

Claregalway, Co. Galway

Cuireann chuile feilméar thart annseo fataí. Bíonn dá acra fataí curtha ag gach duine beagnach. Tá go leor cineál fataí ann agus tá ainmneacha faoi leith ag gach cineál. Seo cuid aca – Champions, Striped Champions, Aran Banners, Kerrs Pinks, Flounders and Aran Chiefs. Cuireann na Feilméaraí na fataí le go mbeadh biadh aca agus ag na h-ainmmhidhthibh ar feadh an Geimhridh. Cuirtear na fataí i Mí na Márta agus i Mí an Aibreáin agus baintea iad i Mí Dheireadh Foghmhair. Is i ndrilleannaibh a cuirtear na fataí anois. Caithfear an talamh a shaothrughadh i dtosach agus annsin na drilleanna a dhéanamh ann. Annsin sgartar na sgoilteóga ins na díogaibh agus dúntar iad. Sgartar aoileach ar na sgoilteógaibh agus dúntar na drilleanna leis an gcéacht. Díolann na feilméara fataí ar an margadh i nGaillimh. Déantaí stailc de na fataibh thart annseo fadó. Gearrann na mná na fataí agus déanann siad na sgoilteóga. An chuid de’n fhata a bhíos fágtha tar éis na sgoilteóga a bhaint aiste tugtar sgiollán uirthe. Cuireann cuid de na feiléaraibh feamann ar na fataibh san Earrach mar leasughadh muna mbíonn a sáith aoiligh aca. Ceannuigheann siad an fheamann i n-Orán Mór nó i nGaillimh. Is le céachtaibh a bhaineas na daoine na fataí thart annseo. Oscailigheann duine na drilleanna le céacht agus snnsin tagann daoine ar an nglúnaibh dá gcrúbáil, sé sin – ag piocadh na bhfataí as an gcréafóig le na lámhaibh agus dá gcaitheamh ar leath-taoibh. Tagann daoine eile agus cárr aca agus piocann siad na fataí maithe agus cuireann siad isteach i bpoll iad. Cuirtear tuighe nó raithneach ar na fataibh ins an bpoll agus cuirtear créafóg os a chionn leis an mbáisteach agus an sioc a choingbheáil ó na fataibh. Baineann cuid de na daoine scraitheacha ar an móin agus cuireann siad ar an bpoll fataí iad. Tugtar na fataí beaga do na mucaibh agus do na cearcaibh. In aimsir baint na bhfataí tagann na spailpíní – daoine as Conamara – thart annseo agus bíonn beirt nó triúr aca ag obair do ghach fheilméar ar feadh seachmhaine nó coicthighise. Bíonn siad ag dul thart ó dhuine go duine go mbíonn na fataí ar fad bainte.

Collector: Annraoi Ó Dubhagáin, Montiagh North, Co. Galway

Informant: Maoilsheachlainn Ó Nuadhain, Lakeview, Co. Galway

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

 

This page was added on 29/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.