Ní ceannuigheadh na daoine aon phlúr ins na siopaí mar cheannuigheann siad anois

Moyrus, Co. Galway

Is amhlaidh a mheileadh siad coirce nó eorna cruithneacht nó seagal. Is le dhá leic a dtugtaí bró ortha a mheileadh siad an gráinne. Bhíodh láimh sa mbró uachtar agus bhíodh sí níos truime ná an ceann íochtair. leagadh siad ceann acu agus chuireadh said an gránn uirthi. Annsin thosuigheadh siad ag casadh an chinn eile uirthí nó go mbíodh an gráinne meilte.

Bhíodh saghas eile aráin acu ar a dtugtaí bocstaí. As fataí a dheinidís é. Déantar roinnt dhe thart annseo fós. Nuair a bhíodh se sgríobhtha aca bhainidís an t-uisge as agus chuiridís ag bácáil é sa mbácús nó ar an ngreideall. Is ar an ngreideall is mó a bhácáilidís na cácaí min-choirce agus na cácaí min-sheagail. Bhíodh rud déanta as iarann aca le cur faoí’n mbácús nó faoí’n greideall agus rothán a tugaidís air. Nuair a bhíodh an cáca déanta chuiridís trí líne nó cros ar a bhárr le sgian. Sé’n fáth a ndéanaidís é sin ná chun an t-aer a leigint as sa gcaoi go mbácáilfidhe níos fearr é.

Collector: Maitias Mac Donnchadha, Letterard, Co. Galway

Informant: Seán Mac Donnchadha, Letterard, Co. Galway

Place: Moyrus, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, (http://www.duchas.ie/en/cbes/4591079/4588476) (22 Apr 2017).

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.