Dubhairt na sean-daoine nach bhfuil sé ceart stábla a dhéanamh ins an áit a bhfuil na sidheóga ag siubhal. Bhí Uncail m’athar ag déanamh stábla. Bhí triúr fear aige agus bhí siad ag obair leis an gcrefóig a cur amach san bpáirc. Bhi an dinnéar réidh agus tháinigh sean – bhean isteach isteach sa teach. Dubhairt sí tá sibh ag déanamh stábla ins an áit a bhfuil mise ag siubhal gach oidhche. Dubhairt sí ná déan an stábla annsin- déan é ar chois an chnuic ar an taobh eile den tigh.
Annsin dubhairt bean-an tighe an dtógfaidh tú cabáiste thóg an tseanbhean é acht nuair a chuir bean an tighe salann air. d’imhthigh sí agus ní fhaca bean-an-tighe ó shoin í.
Collector: Tomás Mac Giollarnath
Informant: Unknown
Place: Caherlistrane, Co. Galway
Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie
No Comments
Add a comment about this page