Galway County Heritage Office works proactively with individuals, communities and schools in assisting them to raise awareness of their built, natural and cultural heritage assets; to increase knowledge of local heritage and to undertake projects to best heritage practice. In addition to this the Heritage Office works in partnership (depending on resources) with heritage groups on a wide range of local heritage initiatives. The Field Monument Advisor (FMA) and the Biodiversity Project Manager provide advice, guidance and assistance to individuals, communities and schools on a wide range of heritage issues and projects. Some of the community projects the Heritage Office is involved in include the following: Golden Mile of Galway Project, Athenry Walled Towns Day, Loughrea Medieval Festival, the digital mapping of graveyards and Féile na gCloch.
Oidhreacht & Pobail
Oibríonn Oifig Oidhreachta Chontae na Gaillimhe go réamhghníomhach le daoine aonair, pobail agus scoileanna ag cuidiú leo feasacht maidir lena n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus cultúir a mhéadú; chun eolas ar oidhreacht áitiúil a mhéadú agus chun tabhairt faoi thionscadail agus ag an am céanna ag comhlíonadh dea-chleachtais oidhreachta. Ina theannta sin oibríonn an Oifig Oidhreachta i gcomhpháirtíocht (ag brath ar acmhainní) le grúpaí oidhreachta ar réimse leathan tionscnamh oidhreachta áitiúil. Tugann Comhairleoir na Leachtanna Allamuigh (FMA) agus an Bainisteoir Tionscadail Bithéagsúlachta comhairle, treoir agus cúnamh do dhaoine aonair, do phobail agus do scoileanna ar réimse leathan ceisteanna agus tionscadal oidhreachta. Ar chuid de na tionscadail pobail a bhfuil baint ag an Oifig Oidhreachta leo tá na cinn seo leanas: Tionscadal Mhíle Órga na Gaillimhe, Lá Bhailte Múrtha Bhaile Átha an Rí, Féile Mheánaoiseach Bhaile Locha Riach, mapáil dhigiteach na reiligí agus Féile na gCloch