Luibheanna

Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Tá na luibheanna seo a leanas go dona ag an talamh, mar bochtuigheann siad an talamh, plúchann siad na barraí, agus na torthaí agus súghann siad go leor de’n leasughadh. Seo iad iad: an chupóg ruadh, bruimhéir, an crúb préacháin, garbhógaí, nó bláth buidhe. Tá an flich go dona freisin ag na barraibh. San áit seo deirtear gur ar talamh maith a fhásanns an feochadán, agus an luibh ar a dtugtar salachar sráide ar talamh bocht. Tá luibh ann ar a dtugtar meacan leoin, agus glantar an phréamh, agus bruightear é, agus tá sé go maith le cur le cnámh a bheadh as áit. Fásann bláth bán air. Bruightear an Choinneal Mhuire ar bhainne, agus tá sé go maith le h-aghaidh casachta. Dá ngearrfadh duine aon chuid dhá cholann, agus go mbeadh go leor fola ag tidheacht as, chuirfeadh sé slánlus leis le h-aghaidh na fola a stopadh. Déanann daoine úsáid de cneamh le h-aghaidh eitinne. Cuirtear gráinne salainn air, agus ithtear fuar é. Déantaoi úsáid de le cur i mbeithidhighíbh inaghaidh an ghalra ar a dtugtar an ceathramhadh dubh. Sul ar tháinig an Blackleg Aids amach. Bláth bán a bhíonn air seo freisin. Tá luibh ann ar a dtugtar Meacan. Fásann sé in-áiteachaibh nach bhfuil saothruighthe le fada, agus má itheann caoirigh é caillfear ar an bpoinnte iad.

Collector: Bríghid Ní Chongaile, Oghil, Co. Galway

Informant: Seán Ó Chongaile, Oghil, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

Luibheanna

Tá luibheanna ar a dtugtar deoradán. Tá na deoradáin go dona i bfhéar a bhíonns timcheall ortha ní féidir leis na beithidhighíbh é a ithe. Tá luibh eile ag fás san talamh ar a dtugtar an meacan. Ta sé go dona in aon áit, mar dhá n-íotfadh aon ainmhidhe é d’atfadh sé agus chaillfidhe é. Acht is caoirigh is mó a ithcanns é. Tá bun raithnighe fiadháine ma leigheas ag duine a bheadh péistí air. Tá luibh ann ar a dtugtar an cneamh. Tá sé go dona ináit a bheadh bó bhainne. Dhá n-íofadh an bó é bheadh blas gránda ar a cuid bainne. Deirtear go bhfuil cneamh go maith ar mí-fhollántas le é a chur ar bhainne te.

Collector: Mór Ní Fátharta, Ourtnagapple, Co. Galway

Informant: Seán Ó Fátharta, Ourtnagapple, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

 

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.