Póstar daoine thart annseo chuile am de’n bhliadhain acht san gCarrghas anois acht ba san Inid a bpóstaidhe iad fadó.
Ní h-é an t-am céadna de’n ló a bpósann daoine anseo agus i n-áiteachaibh eile. Pósann na daoine ar maidin san bparráiste seo acht ins an gcéad parráiste eile is i lár an lae nó san tráthnóna a pósann siad. Pósann daoine ins na séipéil anois acht fadó is ins na tighthe a pósadh iad. Is cuimhneach lem’ mháthair Márt Inide a pósadh triúr fear agus triúr ban. Nuair a bhíos daoine ag brath ar phósadh déantar cleamhnas. Nuair a théigheas daoine ag iarraidh mná tugann siad buidéal uisge beatha leo chn muinntir na mná a chur ar meisge ionnus go mbeadh siad sásta an bhean a thabhairt dóibh agus spré maith léithe.
An oidhche tar éis a bpósta bíónn bainis idteach an fhir agus mí i n-a dhiaidh sin bíónn cuairt-míosa idteach na mná.
Collector: Annraoi Ó Dubhagáin, Montiagh North, Co. Galway
Informant: Unknown
Place: Claregalway, Co. Galway
Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie
No Comments
Add a comment about this page