Oíche Cultúir

Oíche Cultúir

Chontae na Gaillimhe

Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2015

Cad é Oíche Cultúir?

Imeacht bliantúil í an Oíche Cultúir ina ndéantar ceiliúradh ar chultúr, ar chruthaitheacht agus ar na healaíona. Dé hAoine an 18 Meán Fómhair ó 5.00pm go dtí amach san oíche a bheidh an t-imeacht ar siúl. Tá Oíche Cultúir tar éis dul i méid ó ócáid chultúir ar scála beag nach raibh á reáchtáil ach amháin i mBaile Átha Cliath in 2006 go dtí an ócáid náisiúnta shuntasach atá anois ann, le 350,000 duine ag freastal ar mhúsaeim, gailearaithe, tithe stairiúla, stiúideonna agus ionaid chultúir ar fud na tíre.

Cad atá speisialta faoin Oíche Cultúir?

• Fanann ionaid oscailte níos déanaí agus níos faide ná de ghnáth

• Bíonn imeachtaí bríomhara ar leith ar bun ar an oíche cultúir ar shráideanna, ar chearnóga, le cladaí agus in áiteanna eile poiblí ar fud na tíre.

• Bíonn gach imeacht saor in aisce don phobal

Cad atá go maith faoin Oíche Cultúir?

• Spreagann sé tuilleadh daoine cuairt a thabhairt ar ionaid cultúir agus an cultúr atá ina gceantar féin a bhlaiseadh

• Meabhraítear dúinn faoi na háiseanna agus acmhainní iontacha atá againn

• Téann sé chun tairbhe eagraíochtaí cultúir, ealaíontóirí, ionaid, stiúideonna ealaíontóirí, taibheoirí, gailearaithe, bailiúcháin ealaíne, cartlanna, foirgnimh shuimiúla, áiteanna agus spásanna, músaeim, ionaid ealaíona, leabharlanna agus mar sin de.

• Léiríonn sé spiorad an phobail agus an méid atá ar bun i do cheantarsa

Cad atá ag tarlú i gContae na Gaillimhe?

Ag cur le chomh maith is a d’éirigh leis na trí bliana anuas déanfaidh Contae na Gaillimhe ceiliúradh ar an Oíche Cultúir in 2015. Arna chomhordú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe iarraimid anois ar ghrúpaí, scoileanna agus ar eagraíochtaí imeacht (imeachtaí) a reáchtáil agus iad a áireamh i gclár imeachtaí Oíche Cultúir. Oibreoidh an Chomhairle Contae agus an Chomhairle Cathrach i gcomhar chun an Oíche Cultúir ar fud na Cathrach agus an Chontae a chur chun cinn.

Más sa chathair a bheidh an t-imeacht ar siúl ba chóir teagmháil a dhéanamh Oifigeach Ealaíon na Comhairle Cathrach ag 091 536400. Más sa nGaeltacht a bheidh d’imeacht ar siúl ba chóir teagmháil a dhéanamh le Údarás na Gaeltachta ag 091 503100.

An mbeidh maoiniú ar fáil d’imeachtaí?

D’éirigh leis an gComhairle Chontae maoiniú a fháil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta le himeachtaí a reáchtáil. Ní bheidh aon mhaoiniú ag teastáil le roinnt imeachtaí a reáchtáil, beidh d’imeachtaí eile.

Má theastaíonn maoiniú uait do d’imeacht ba chóir chuid Cuid C den fhoirm iarratais thíos a líonadh. An 3 Iúil 2015 an sprioc. Ní hionann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus a rá go bhfaighidh d’imeacht maoiniú. Cuirfear in iúl duit faoi lár Iúil 2015 má d’éirigh le d’iarratas.

Iarratas ar Imeachtaí a reáchtáil sa Chontae (gan an Chathair san áireamh)

Cé dó is féidir maoiniú a úsáid?

Is féidir maoiniú a úsáid chun:

• Taibhghrúpaí, grúpaí nó siamsaíocht a fháil

• Costais léiriúcháin

• Trealamh a fháil ar cíos

• Iompar chuig imeachtaí agus ó imeachtaí

Tabhair ar aird:

• Ní chuirfear maoiniú ar fáil chun ionaid a fháil ar cíos ach i gcásanna eiseachtúla. Ba chóir ionaid saor in aisce mar spásanna allamuigh, hallaí pobail, leabharlanna agus mar sin a úsáid nuair is féidir.

• Ní chuirfear maoiniú ar fáil leis an imeacht a chur chun cinn ach i gcásanna eiseachtúla. Cuirfear clár (leabhrán) ar fáil ina mbeidh na himeachtaí ar fad agus ba chóir sin agus ba chóir leas a bhaint as sin chomh maith le huirlísí eile saor in aisce a bhíonn ar fáil do ghrúpaí .

• Ní chuirfear maoiniú ar fáil do shóláistí

Má éiríonn leat, beidh na coinníollacha seo a leanas i bhfeidhm:

• Ní mór rochtain ar na himeachtaí ar fad a bheith ar oscailte don phobal, saor in aisce agus ar siúl ar an 18 Meán Fómhair, 2015

• Ní mór Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta a admháil ar gach ábhar bolscaireachta. Seolfar lógóanna chugat má eiríonn leat.

• Lorgófar tuairisc dheiridh agus foclaíocht maidir le d’imeacht ag deireadh mhí Iúil.

• Déanfar clár Chontae na Gaillimhe (leabhrán) a tháirgeadh agus beidh d’imeacht(aí) san áireamh ann. Tabharfar leabhráin duit chun cabhrú leat an Oíche Cultúir agus d’imeacht a chur chun cinn.

• Ba chóir go mbeadh fianaise ann i gcás gach imeachta go mbeidh Árachas Dliteanais Phoiblí ann a bheith dóthanach agus cuimsitheach de réir luach €6.5 milliún ar a laghad le haghaidh aon éilimh amháin. Ba chóir go mbeadh Árachas Dliteanais Phoiblí nach lú ná €12.7 milliún ag grúpaí ar son imeachtaí faoin aer. Beidh ar ghrúpaí ar a mbronnfar tacaíocht airgid sainslánaíocht a chur ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar a bpolasaí árachais maidir lena imeachta.

• Má eiríonn le d’iarratas ar mhaoiniú, íocfar tú taréis don imeacht tarlú. Beidh admhálacha íochta a chuir isteach.

Cén cineál imeachtaí is féidir liom a reáchtáil?

Deis atá san Oíche Cultúir chun imeachtaí cultúir ar leith a léiriú, imeachtaí mar:

• Bíodh Lá Páirceála agat i do bhaile (féach thíos)

• Déan 150 bliain ó bhreith Yeats a chomóradh

• Nasc le hiarracht na Gaillimhe a bheith mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

• Taispeántais, ranganna & ceardlanna

• Teilgean taobh amuigh ar fhoirgnimh

• Ceiliúradh ilchultúir

• Cosáin Cultúir nó tóraíocht taisce

• Ceol beo agus ealaín bheo

• Siúlóidí

• Imeachtaí ó ghlúin go glúin ag déanamh ceiliúradh ar dhaoine óga agus orthusan atá ag dul in aois

• Taibhithe sráide

• Scannáin a thaispeáint

• Léamh leabhair nó insint scéalta

• Bain úsáid as ionaid chultúrtha, mar shampla iarsmalanna, dánlanna, caisleáin, leabharlanna, oidhreacht agus ionaid ealaíon.

• Téigh chuig www.galway.ie/culturenight chun a fháil amach cad a rinne daoine eile i gContae na Gaillimhe anuraidh nó www.culturenight.ie chun eolas a fháil ar imeachtaí ar fud na tíre.

• Féach an leathanach Oíche Cultúir na Gaillimhe ar

Facebook www.facebook.com/galwayculturenight

Cé chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar a bheith páirteach in Oíche Cultúir 2015?

• Déan cinnte go léann tú an bhileog eolais seo go cúramach

• Íoslódáil an fhoirm iarratais ó www.galway.ie/culturenight

• Téigh i gcomhairle le do ghrúpa, d’eagraíocht agus an pobal chun an t-imeacht/na himeachtaí a bheidh le reáchtáil a phleanáil.

• Glaoigh orainn mura bhfuil tú cinnte faoi aon ní.

• Déan taighde ar na costais a bheidh i gceist más ann dóibh.

• Líon an fhoirm iarratais agus cuir ar aghaidh chuig an seoladh atá tugtha faoin 4.00pm 3 Iúil 2015.

Tionscnamh í an Oíche Cultúir arna comhordú ag Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe

Is é an 18ú Meán Fómhair Lá Páirceála chomh maith – imeacht domhanda ina aistrítear spásanna páirceála sráide ina spásanna oscailte poiblí ar feadh aon lae amháin. www.parkingday.org

This page was added on 09/06/2015.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.