Lá’l Bhríghde: Bhíodh daoine bochta ag imtheacht go stí le ceathair nó cúig de bhliadhantaibh ó shoin ag bailiughadh fataí agus plúir agus chuile shórt dá bhfuigheadh siad, agus bhíodh crois ádhmaid agus súgán tuighe aca, agus duine ar bith a thiubharfadh rud ar bith dhóibh déarraidís nach mbeadh aon bhaoghal báis ar an bhliadhain sin, agus déarraidís an phaidir seo:
“Crios Bhríghde mo chrois,
Crios na cheithre gcros,
Má’s fearr atá tú anocht,
Go mba seacht bhfearr a
bhéas tú bliadhain
ó anocht.”
An té a bhéarfadh tada dóibh déarfaidís leis a dhul amach trí uaire faoi an súgáb tuighe. Bhí gnás ag na daoiníbh iasc beo ar bith a thiubhairt isteach san teach lá’l bhríghde go mór mhór iascaire mar déarfaidís go mbeadh adh iasc ar dhuine.
Lá’l Pádriag: Ba é gnás na ndaoine do bheith ag ól uisce beatha agus ag déanamh spóirt i-n onóir an lae sin. Bíonn na gasúr ag bualadh caisil an lá sin.
An Carghas: Ní phósann aoinne san gCarghas, is bíonn na daoine ag dul chun faoisdín is cumaoine chomh minic is féidir leo, agus bíonn siad ag déanamh Toruis na Croise freisin.
Céadaoin na luaithridh: Téigheann na daoine ag an Aifrionn agus cuirtear ab chrois chéasta ar a mbathairibh le luaithearmhain. Ní óltar bainne, ná ní íostar uibheacha ná feoil an lá sin.
Aoine an Chéasta: Níl sé ceart bainne a ól agus téightear ag teach an phobail ag déanamh turais na croise i-n éinfeacht leis an sagart.
Domhnach Cásca: Bíonn na daoine ag ithe neart ubh agus chuile chórt dhá bhféadfaidís, agus déantar éadaigh nuadha le h-aghaidh an lae sin. Is sean-fhocal é, “biadh agus deoch na Nodlag is éadach nuadh na Cásca!
Luan Cingire: Ní gnáthach leis na daoine a bheith ag déanamh aon oibre an lá sin agus ní bheartar aon ghruag san gCingis oidhche Nodlag: bíonn coinneal lasta in chuile fhuinneog insna tíghthíbh in onóir do’n oidhche sin.
Oidhche’l tSin Seain: bíonn teine chnámha lasta an oidhche sin agus téigheann na gasúr ar fud an bhaile ag bailiughadh móna agus lastar an teine. Bailigheann muinntie an bhaile timvheall na teineadh ag innseacht sgéalta, agus nuair a bhíonn siad ag imtheacht ó’n teinidh beireann siad fód abhaile leo.
L’l Pheadair is Phóil: bíonn pátrún insan gceanntar gach bliadhain, agus spraaoi agus spóirt ag chuile dhuine. Tagann bheidhldeoirí ag seinm ceoil.
Oidhche Shamhna: Bíonn na buachaillí gléasta i sean-éadaigh agus a gcloigeann clúduighthe sul dtaitneochadh aoinne iad. Bíonn siad ag imtheacht insna tíghthíbh ag cur faithchís ar na daoiníbh. Bíttear ag geafáil ubhall an oidhche sin. Dhá lá Dhéah na Nodlag: bíonn dhá coinneal déag lasta in gach teach an lá deirdeanach de’n dhéile sin.
Collector: Mícheál Ó hIarnáin, Kilmurvy, Co. Galway
Informant: Bairtle Ó hIarnái, Kilmurvy, Co. Galway
Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway
Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie
No Comments
Add a comment about this page