Laethanta Áirithe

Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Ar Lá Bealtaine deirtear nach ceart an luatha chaitheamh amach, acht é fághail cois an teaglaigh. Deirtear freisinnach ceart asal ná capall a shrathrughadh ar an lá sin, ná bainne a thiubhairt do aon chomharsain. Is gnáthach leo freisin ar “lá crosta na bliadhna”, ar an 28 adh de Nodlaig. Dar le daoiníbh, ní ceart tosughadh ar chuireadóireacht ar Dia Satharn, agus deirtear gurbé Dia h-Aoine an lá is fearr, agus tá sé ráidhte aon síol a chuirtear san talamh ar Aoine an chéasta nach loiceann sé. Aon lá’l amháin. Mártan stop na muilte in Gaillimh mar gheall ar iad a bheith ag obair an lá sin, agus deirtear nach ceart a bheith ag dul timcheall le carr ná ag obair le túirne mar bheadh roth an túirne ag dul timcheall, ná ag cniotháíl mar bheidtheá ag dul timcheall de réir mar bheidhtheá ag déanamh na lúbh. Duine a bheadh leigheas aige an tinneas fiacail, nó ar tinneas cinn, nó ar casbadha, nó ruadh ar a gcois; nó aon saghas tinneas eile ba dhá luan agus Céadaoin eastortha a mba cóir dhuit dul ag an duine sin a mbead an leigheas aige ar lá Bealtaine nó oidhche bealtaine ní ceart aon bheithidheach athrúghadh go dtí buaile eile. Ní ceart aon bheithidheach athrúghadh go dtí buaile eile. Ní ceart freisin ar lá Bealtaine aon uisce a chaitheamh amach ar an t-sráid. Ní ceart uisge a nighfeadh do chose ann san oidhche a chaitheamh ar an tsráid ó thuitim na h-oidhche.

Collector: Máire Ní Fhlaithbhearta, Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Informant: Pádraig Ó Flaithbhearta, Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.