An Droch shaol

Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

An Drochshaol

Tá níos mó daoine i-n- Gort na gCapall anois ná mar a bhí i-n-diadh aimsire na gorta san mbliadhain 1847. Fuair go leór aca bás ag an m sin le h-ocras. Tháinig an dubh ar na fathaibh san talamh.

Bhí bean as Gaillimh darbh ainm Mrs Seary agus bhí comhluadar aice. Bhí a fear básuighthe. Bhí ingean léi i America agus bhíodh sí ag cur airgid ag a máthair. Bhíodh an mháthair ag tabhairt gach a raibh aice uaithe. Ar deire ní raibh aici acht aon mhac amháin agus taréis tamaill cailleadh é sin freisin. Aon Domhnach amháin chuiadh sí ag an Aifrionn, agus is ar éigin a tháinig sí abhaile, agus cailleadh í féin leis an ocras tamall i-n-a dhiadh sin.

Collector: Cáit Ní Bhriain, Ourtnagapple, Co. Galway

Informant: Peadar Ó Briain, Ourtnagapple, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie


An Drochshaol

Nuair a bhí an droch-shaoghal ann fadó do loic na fataí, beagnach ins gach chuile áit. Tá sé sin tuairim is dhá chéad bliadhan ó shoin. Cuireadh na fataí agus tháinig na barranaí aníos. Tháinig an Dubhachán ortha, agus maidin amháin nuair a d’éirigh na daoine d’airugheadar an boladh a bhí ó na barrainaíbh. Tharla sé sin tuairim lá’l t-Sin Seain. tháinig an bhliadhain sin go dona. Thánig an gorta agus tinneas ar na daoiníbh. Cailleadh an cuid is de na daoiníbh, acht mhair corr-dhuine, agus séard a sheas dóibh sin biadh an chladaigh. Bhídís ag ithe báirneacha, sleabhcháin creathnaigh, faochan agus carraigín. Bhruichidís na báirnigh, agus chuiridís min bhuidhe ar an rúgh. An bhliadhain ina dhiadh sin chuireadar fataí darbh ainm “Regions” Fuair siad ó’n tighearna talamhna darbh ainm “Major Fair” d’fhás siad maith go leor. Ní raibh siad i bhfad ag médughadh san ithir, agus faoi cheann cúpla bliadhan bhí a ndóthain fataí agus bidh acu. Ní raibh aon ghorta ariamh a bhí chomh dona leis.

Collector: Mór Ní Fhatharta, Ourtnagapple, Co. Galway

Informant: Seán Ó Fátharta, Ourtnagapple, Co. Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

 

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.