Maistreadh

Ballyglass South, Co. Galway

Seo scéal faoí maidtreadh – Bhí bean ann uair dhíoladh sí im. Chaill a ba an bainne go léir. Gach maidin teigeadh sí chuigh pairc éile in a mbhíodh ba le duine eile agus goideadh sí bainne. An fhaidh is a bhíodh sí ag bleaghadh na mbó deireadh sí ” im agus bainne”, im agus bainne”. I gceann seachtmaine dhéanadh sí maisteadh agus bhíodh deic bpunt ime aici.

Collector: Cáit Ní Gríobhtha, Bracklagh, Co. Galway

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Maistreadh

Tá a lán pisreog faoi maistreadh. Má taganns duine isteac agus maistreadh ‘gá dhéanamh cuireann sé dreas faoí í dtreo nac mbeirfeadh sé an tim leis. Oidhche Samhna agus La Bealtaine gearrann na daoine píosa de’n caorthann agus tógann siad miosúr na cuinneóige trí uaire leis í dtreo nac ngoidfeadh aoinne an tim. Má thaganns fear isteach afus maistreadh ar siubhal níl cead aige a phíopa a lasadh nó sméaróid a thabhairt amac leis. Sul a stosnuightear an maisteadh coisrightear an slár lé salann agus cuirtear smearóid fuathi lé ádh a chur air. Má taganns duine isteach le linn an mhaistreadh bíonn air, dul amach an doras ceadna is a tháinig se isteach.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.