Pisreoga faoi Bainne

Ballyglass South, Co. Galway

Nuair a bhíonns an bó bleaghta cuirimíd ar nordóig í gcubhar an bhainne agus déanamuid cómhartha na croise ar earróig na mbo ag rádh ar an nóiméad céadhna. Beannacht De ar an mbuin. Deirtear má tugtar bainne amach nár ceart é thabhairt arais arís.  Rud eile ní ceart bainne a thabhairt amac d’aoinee lá Bealtaine no lá Samhna”. Deirtear nár ceart im an chéid maistread taréis do bhuin bhreith a thabhairt d’aoinne. Má bheireann bó lá Shamhna ní ceart í a bleaghadh an lá sin. Nuair a bhíonns bó tréis breith cuirtear coinneal agus í ar lasadh fuiti agus tharis trí h-uaire chun í a bheannú agus ceanngluigj píos ribín dearg ar a ruball ar eagla go mbéirfeadh na sidheóga leithí iad.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.