07. Na Ballaí

The Walls

Na Ballaí

Sa bhliain 1310, tógadh na ballaí thart ar Bhaile Átha an Rí, tuairim is 2 km ar fhad thart ar 25.8 heicteár. Bhí cáin speisialta a gearradh le híoc ar na ballaí; an té a théadh isteach go Baile Átha an Rí nó amach as Baile Átha an Rí, bhíodh air íoc ar na ballaí. Tar éis chath na bliana 1316, tógadh na hairm a bhí ag daoine a maraíodh agus cuireadh an t-airgead astu sin i leith na mballaí. Seo roinnt de na cúiseanna a bhí leis an mballa a thógáil: Tógadh an balla d’fhonn a thaispeáint chomh saibhir agus a bhí muintir an bhaile. Bhí an chosaint freisin ar cheann de na cúiseanna leis an mballa a thógáil. Tógadh an balla ionas go mbeadh idirdhealú faoin dlí idir an baile mór agus an réimse tíre máguaird. Ba léiriú an balla ar an mórtas a bhí i bpobal an bhaile, siombail a bhí ann go raibh Dia ag cosaint an bhaile mhóir agus a raibh ina gcónaí ann.

Tá 70% den bhalla ar fáil go fóill sa lá atá inniu ann. Bhíodh sé cinn de thúir ann tráth, maireann cúig cinn acu sin. Tá tiús 1 mhéadar amháin sa bhalla. Tá na ballaí idir 4 mhéadar agus 5 mhéadar ar airde. Tá cúig cinn de thúir ar fáil faoi láthair ach d’fhéadfadh péire eile a bheith ann. Is é an geata thoir theas an túr is fearr atá coinnithe. Bhíodh ospidéal taobh amuigh de bhallaí Bhaile Átha an Rí. Bhíodh an t-ospidéal taobh amuigh de na ballaí ionas nach bhféadfadh aon drochthinneas scaipeadh agus muintir an bhaile mhóir a bhualadh.

The Walls

In 1310, the walls of the town of Athenry were built, the wall circulated roughly 2 km in length at 25.8 hectares. The wall was financed by a special tax, once you went into the town of Athenry or going out of Athenry you had to pay for the walls. After the 1316 Battle, weapons were taken from the bodies of the dead to pay for the wall. These are some of the reasons why the wall was built: The wall was built to display how rich they were. Defence was also one of the reasons for the wall. The wall was built to legally separate the town from the countryside. The wall displayed the pride of the community, it symbolised that God was protecting the town and people.

This page was added on 25/08/2016.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.