04. Tráthlíne

Timeline

Tráthlíne

Cruthaíodh Barúntacht Bhaile Átha an Rí do Peer de Bermingham sa bhliain 1178. Bronnadh tiarnas ar Richard de Burgo sa bhliain 1227. Tosaíodh sa bhliain 1240 ar chaisleán Bhaile Átha an Rí a thógáil. Bunaíodh Séipéal Naomh Muire sa bhliain 1240. Tógadh Mainistir na nDoiminiceánach sa bhliain 1241 le hómós do Naomh Peadar agus Naomh Pól agus síltear go raibh an obair críochnaithe faoin mbliain 1271. Tugadh de cheart aonach a eagrú i mBaile Átha an Rí sa bhliain 1244. D’ionsaigh muintir Chonchúir Baile Átha an Rí sa bhliain 1249. Bronnadh an Mirage Charter sa bhliain 1310 go ceann trí bliana. Sa bhliain 1316, tosaíodh ar Chath Bhaile Átha an Rí ar an 10 Lúnasa agus fuair fórsaí William de Burgo agus Richard de Bermingham an ceann is fearr ar fhir Fhéilim Uí Chonchubhair, Rí Chonnacht. Sa bhliain 1324, chuir muintir de Burgo ciste ar fáil chun atógáil a dhéanamh ar Shéipéal na Mainistreach. Bhí Baile Átha an Rí ar cheann den aon bhaile mór déag a raibh ionadaíocht thar a gceann sa Pharlaimint sa bhliain 1380. Bhronn an Pápa Boniface IX Bulla an Loghtha sa bhliain 1400 ar aon duine a thabharfadh cuairt ar an mainistir i mBaile Átha an Rí. Loisceadh an Mhainistir sa bhliain 1423. Rinne an tArdeaspag Donatus Ó Muireadhaigh i dTuaim séipéal coláisteach de Shéipéal Naomh Muire sa bhliain 1484. Ghabh clann Iarla Chlann Riocaird an baile sa bhliain 1574 agus chuir trí thine é. Mhol Henry Sidney an balla taobh istigh a thógáil sa bhliain 1576 d’fhonn achar an bhaile mhóir a laghdú. Ghabh clann mhac an Iarla an baile mór arís sa bhliain 1577. Tá na ballaí idirdhealaithe le feiceáil ar mhapa den bhaile mór sa bhliain 1583, gan an obair leathchríochnaithe go fóill. D’ionsaigh Aodh Rua Ó Domhnaill Baile Átha an Rí sa bhliain 1597 gur scrios an baile.

Timeline

In the year 1178, Baron of Athenry was created for Peer de Bermingham. Richard de Burgo was awarded lordship in the year 1227. In 1240 construction beings in Athenry Castle. St. Mary’s Church was found in 1240. In 1241 the Dominican Priory was built in reverence of St. Peter and St. Paul and was thought to be finished in 1271. In 1244, Athenry gained the right to hold a fair. Athenry was attacked by O’Connor’s in 1249. In 1310, the Murage Charter was granted for 3 years. In 1316 the Battle of Athenry began on the 10th August and William de Burgo and Richard de Bermingham’s forces defeated the King of Connacht Felim O’Connor. In 1324, the de Burgo family funded the rebuild of the Priory Church. Athenry was one of the eleven towns represented at Parliament in 1380. In 1400 Pope Boniface IX granted the Bull of Indulgence to those who visited the priory in Athenry. The Priory burned down in 1423. In 1484, St. Mary’s Church was made collegiate by Archbishop Donatus O’Murray of Tuam. Sons of Earl of Clanricard capture and burn the town in 1574. Henry Sidney proposes the construction of the inner wall to reduce the size of the town in 1576. The town was captured again by the sons of the Earl in 1577. In 1583 the map of the town shows the dividing walls, less than half finished. Red Hugh O’Donnell attacked and destroyed Athenry in 1597.

This page was added on 25/08/2016.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.