An Ghorta Mhór.

Carnaun, Co. Galway

San am fadó gheibheadh na daoine bás ar thaobh an bhóthair am na gorta móire nuair a dhubhadh na fataí. Tá áit inaice le mo theac ar a dtugtar Sean-Bhaile Beag air. Bhí go leor tighthe ann san t-sean aimsir ach caileadh go leor de na daoine bliadain na gorta le ocras agus an méid díobh a fhan beo sgapadar mar ní raibh siad in ann na h-áitreacha a choingeál ná cíos , ná rátaí a íoc. D’éirigh an rud céadna i ngleann eile in áit a dtugann siad Gleann na hÓige air inaice le baile na Gráinse. D’imthig na daoine as an áit sin freisean agus níl turaisc cé ndeachadar cé go bhfuil ballaí arda na dtigte ag seasamh fós.

Collector: Máire Ní Reachtuire, Cashla, Co. Galway

Informant: Tomás Ó Reachtuire

Place: Carnaun, Co. Galway

Tags: Gorta

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

 

This page was added on 14/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.