Bhí bean ann fadó

Spiddle, Co. Galway

Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aici. Aon lá amháin rinne sí cáca agus d’fhiafruigh sí de’n inghin ba shine cé aca a mbhfhearr léithe an cáca mór is a mallacht ná an cáca beag is a beannacht. Dubhairt sí go mbfhearr léithe an cáca mór is a mallacht. Chroc sí léithe an cáca agus d’imthigh léithe. Ba ghearr go dtáinich sí go dtí teach, chuiadh sí isteach ní raibh istigh acht sean bhean agus díarr sí obair uirthí. Thugh sí dí é agus dubhairt sí léithe a dhul amach go dtí an tobar ag iarraidh séaláin uisce. D’imthigh léi agus líon sí an séalán le uisce agus nuair a tháinich sí go dtí an teach ní raibh díor uisce aichí. Nuair a chonnaich an t-sean bhean nach raibh aon uisce aici mharbhuigh sí í.
Dubhairt an mháthair leis an dára inghin cé mbfhearr léi an cáca mór is a mallacht ná an cáca beag is a beannacht. dubhairt an inghin go mbfheárr léi an cáca mór is a mallacht. Chroc sí léi an cáca agus d’imthigh léithe nó go dtáinich sí go dtí teach na caillighe. Chuaidh sí isteach agus d’iarr sí obair uirthí agus dubhairt an t-sean bhean go dtiubhradh sí an obair de acht go gcaithfheadh sí a dhul go dtí an tobar agus sealán uisce a thabhairt isteach aici. D’imthigh leí agus líon sí an séalán acht ní choinndóchadh an séalán aon déor agus chuaidh sí go dtín an t-sean bhean agus mharbhuigh an t-sheanbhean í.
Dubhairt an mháthair leis an inghin b’óige cé mbfhearr léi an cáca mór agus a mallacht ná an cáca beag is a beannacht. Dubhairt an inghin go mbfhearr léi an cáca beag is a breannacht. Thugh sí an cáca agus a bheannacht di agus d’imthigh léi nó go dtháinich dí go dtí an teach chéadna. Chuir an t-shean-bhean ag an tobar í ag iarraidh an sealán uisce agus nuair a tháinich sí go dtí an tobar ní choinneóchadh an séalán déor. Faoi dheireadh tháinich spideóigín agus dubhairt sí caonach a chuir ar thoin an t-séaláin. Rinne an cailín amhlaidh agus thugh sí an séalán abhaile go dtí an t-shean bhean agus é lán d’uisce. Mhol an t-sean-bhean í agus dubhairt sí léi a ghruaigh a chíaradh agus ar a bás gan breathnughadh suas san simléar. Thuigh and t-sean bhean in a codhladh agus nuar a fuair an cailín in a codhladh í bhreathnuigh sí suas san simléar agus céart a d’fheicfeadh sí ag crocadh ar an motal acht sparán lán le ór. Thógh sí léi an sparán léi in gan fhios de’n t-shean bhean agus amach léi. Dhún sí an doras in a diaidh agus d’airigh an cailleach í agus lean sí í. Chas fear léi agus d’fhiafhruigh sí dhó an bhfacha sí an cailín. bhí fhíos ag an fhear gur mharbhuig sí an bheirt eile róimpi agus mharbhuigh sé an t-sean-bhean fhéin. D’imthigh an chailín léi abhaile agus thug sí an sparán óir dhá mháthair agus mhair siad go sonasach as sin amhach.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Spiddle, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.