Scéal

Killeany, Co. Galway

Bhí sean-bhean ann fadó agus sé an áit a raibh sí in-a comhnuidhe i dteachin beag dí féin. Aon trátnóna amháin d’imthigh sí léi ag siubhlóid. Tháinig an oidhche uirthí agus chuireadh amudha í agus ní raibh fios aicí cá raibh sí ag dul. Bhí fóidín mearaidhe uirthí. Bhí sí ag siubhal nó go raibh sí tuirseach agus bhí ocras uirthí. Chuile áit a raibh sí ag dul bhí sé cint uirthí é a aithneactáil. Tar-éis tamaill chonnaic sí solus agus rinne sí air agus í dteach beag a bhí sé. Bhí doras an tighe oscailte, agus isteach léi ann.
“Go mbeannuighe Dia annseo”, adeir sí. Ní raibh sa teach le feiceál aicí acht shean-fear a bhí aosta go máith agus ní freagair ceachtar acu í. Shuidh sí síos mar sin féin. Bhí teine mháith ann agus póta fataí bruighthe leath-taobh a’ theallaigh agus póitín feola ar an taobh eile. Ní raibh sí móran achar isthigh nó gur leag an tsean-bhean bord anuas i lár an úrláir. Thógh sí pláta fataí dí féin agus do’n sean-fhear agus pláta eile le h-aghaidh an bhean siubhail agus pláta feola do gach aon duine. Shuidh an tsean-fear agus an tsean-bhean ar aon taobh amháin de’n bord agus rinne sí cómhartha do’n bean siubhal a dul ag itthe freisin. Bhí an sean-fhear in-a shuidhe ar an taobh eile de’n bord agus bhí a srón chomh fada air agus cheap sí go mbuailfeadh sé bárr a sróine uirthí ar an taobh eile. Bhí áithméala uirthí mar gheall ar an sróin a bhí a bhí air. Mar sin féin d’ith sí doitin. Nuair a bhí an béile ithe acu d’éirigh an tsean-bhean agus reidhthigh sí suas an teach. Ní raibh an teach ní ba leithne nó go ráibh an bord i lár an urláir go rabhadar i-ndon a druim do bhualadh ar na ballaí ar gach aon taobh. Nuair a bhí an teach reidthighthe ag an tsean-bhean bhí sé comh mór le aon teach a chonnaic an bhean siubhail ariamh, agus bhí seomra ann.
D’fhoscail an tsean-bhean doras an tseomra is tháinig píobaire anuas as, agus a chuid piobaí faoi’n easgail, agus a cathaoir sa láimh eile le suidhe uirthí. Tháinig fear is fiche anuas annsin agus a suidheachain fhéin i láimh ag chuile fear acu. Tháinig bhean is fiche anuas na ndhiaidh sin agus a suidheachain féin ag chuile bhean acu ar an mbealach chéadna. Thosuigh an píobaire an ceol, agus is aige a bhí an ceol ab’áilne a chuala sí ariamh. D’éirigh an tsean-bhean agus an tsean-fhear a bhí sa teach i dtosach agus nuair a bhí turn damhsa déanta acu d’íocadar an píobaire. Ní raibh fear na bean dá raibh sa teach nach d’ámhsaigh in-dhiaidh a chéile agus nuair a bhíodh a turn damhsuighthe acu d’íocfaidhe an píobaire. Rinne fear comhartha léi a d’iarraidh uirthí damhsa ach níor labhair sí focal ar bíth. D’éirigh sí agus damhsuigh sí leis.
Nuair a bhíodar ag dul tart ins an damhsa rug an fear ar láimh uirthí agus chuir sé sé pingine isteach in-á glaic. Thugh sí an sé-pingine do’n phíobaire agus chrom sé a cheann ag glacadh buideachais léi. Nuair a bhí a turn damhsuighthe acu chuadhar suas cun an seomra aríst. Níor labhair aon duine focal i gcaitheamh na h-oidhche acht an oiread is dá mbéadh a mbéil fuaighthi. Nuair a bhí an duine deireannach acu sa seomra bhí an teach chomh beag is bhí sé ariamh.
Nuair a bhí chuile shórt thart chóirigh an tsean-bhean leabha dí féin agus do’n sean-fhear sa gclúid, agus réidtigh sí an clúid eile do’n bhean siubhal. Bhí sí tuirseach agus bhí sí ghá réidhteach féin le dul a codhladh nuair a labhair an tsean-fear, agus dubhairt sé léi sgéal a innseacht. “Deamhan sgéal agam,” adeir sí. D’éirigh an shean-fhear rug sé ar gualainn uirthí is cáith sé amach, í féin agus a cuid éadaigh. “Béidh sgéal agat go maidin,” adhubhairt sé. Nuair a breathnuigh sí na timcheall ní raibh aon teach le féiceál aice na cosamhlacht ar bíth leis ach í ar cróchan sléibhe.
Thosuigh sí ag siubhal agus ní raibh fíos aicí cá raibh sí ag dul. Ní raibh sí i bhfad ag siubhal nó go bhfaca sí triúr fear ag tigheacht in-a h-aghaidh agus iad ag iomchar cónra ar a nguailne. Tháinigheadar go dtí an áit a raibh sí. Dubhairt fear acu léi a teacht agus a dul faoi an gcorp. le congnamh dóibh. B’éigin dí dul faoi an gcorp ghá iompar in-éinfeacht leobh. Tar-éis tamaill dubhairt fear acu go gcáithfead sé féin dul ag iarraidh sluasaid agus láighe le poll a déanamh leis an gcorp do chur ann.
Ní raibh sé mórán achair imtighthe nuair adubhairt fear eile go fada a bhí sé amuigh. “Caithfidh mise dul ar a tuairisg” adubhairt sé, “nuair nach bhfuil sé ag tigheacht”. Ni raibh aoinne de’n béirt a d’imthigh ag tigheacht. Dubhairt an fear eile go gcaitfead sé féin dul ar a dtuairisg.
“Ó a Íosa Críost” adhubhairt an bean siubhal, “Ceard a ndéanfas mise má tá an triúr agaí ag imteacht.” “Caithfid tú fanacht annseo,” adubhairt an fear agus d’imthigh leis.
Níl ann acht go raibh sé imtighthe nuair a labhair an fear a bhí ins an gconra, agus dubhairt sé é a léigheann aníos as an gconra.
“Ó a Thigearna cé an chaoi a léighfidh mise aníos thú?” “Tóg an clár de’n conra, agus leigh aníos go beo mé” adeir sí. B’éigean dí an clár a baint do’n cónra agus é a léigeant aníos. Nuair a bhí sé aníos dubhairt sé leis an mbhean siubhal síneadh siar sa gcónra. Leag sé an clár anuas os a chionn.
Rug sé an chloich agus tiomáin sé na táirngaí sa gclár. D’fhaga sé annsin í agus d’imtighthe leis. Ní raibh fíos aice beo na marbh cá raibh sí ó chuireadh sa gcónra í. Bhí an gréin go h-árd san spéir lá ‘r n-a bháireach nuair d’foscail sí a súile. Bhí sí sínte siar ar chrocán i gCroch a Dáimh agus a cuid éadaigh faoi na cheann.

Collector: Nuala Seóigeach

Informant: Márie Ni Ghoill, Killeany, Co. Galway

Place: Killeany, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

 

 

 

This page was added on 13/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.