Oidhche geimhridh tháinig bean agus gasúr go dtí doras fir saidhbhir. Cnag an bhean ag doras agus tháinig duine amach. D’fíar an bhean uirrí an leigeadh sí í isteach. Do leigfeadh an bhean acht ní raibh an fear sásta. Bíodar tar-éis coirce a bhualadh an lá sin, agus chuir sí amach ins an gculog í. Íos Críost agus an Mhaigdean Mhuire a bhí ann. Amach ins oidhche fuair an fear pían in-a bhulóg. Cuaidh an bhean amach go dtí an Maighdean Mhuire féachaint an raibh aon laigheas aicí dó.
Dubhairt an Maighdean Muire.
Bean mhín ag fear borb.
Mac Dé in-a luighe ‘sa gculog.
Cloch glas a cuimilt dá bolg.
Sin laigeas a Dé bolg.
Collector: Unknown
Informant: A. Ó Mainnín, Rosmuck, Co. Galway
Place: Letterfrack, Co. Galway
Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie
No Comments
Add a comment about this page