Leigheasanna

Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Nuair a bhíodh na daoine go dona leis an Truich ba é an leigheas do bhíodh aca bainne asail d’ól, agus ta minéagla go maith freisin.
Tinneas fiacal:
Ba é an leigheas do bhíodh aca ruainne salainn a chur in do bhéal agus gail tobach a chaitheadh, agus nuair a tógfaí pota fataí do’n teinidh a dhul ó’s cionn an ghail, agus é do leigint isteach in do bhéal. Dertear dá nólfaidhe uisce ar tobar beannuighthe go bhfuil leigheas ann le h-aghaidh galar.
Dóghadh:
Dá n-éirigheadh duine sul a d’éireóchadh an ghrian maidin la’l bealtaine agus a éadan a nigheadh san drúcht ní dhághfadh an ghrian aríst go deo é.
Bruitíneach:
‘Sé an leigheas a bhíonns ag daoiníbh ar an mbruitíneach go leór poitín d’ol.
Noscóideacha:

‘Sé an leigheas a bhíonns le-n-a n-aghaidh siucra donn agus gallúnach donn a mheascadh le chéile agus é a chuir leo.

Collector: Mícheal Ó hIarnáin, Kilmurvy, Galway

Informant: Tomás Uá Conghaile, Kilmurvy, Galway

Place: Farrnacurka or Oatquarter, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.