Bhí cailín ann uair amháin agus bhí sí chun phósadh

Letterfrack, Co. Galway

Acht bhí ar na sídheóga í fhágáil, agus ní raibh síad indhon í a thógáil gan duine beó bheith leó. Bhí fhios ag na sídheóga go leigfeadh an cailín sraith trí uaire, agus dá n-abradh aon duine Dia linn, ní bheadh na sídheóga indhon í a thógáil. Thógadar fear leó acht ba mhaith leis an fear seo an cailín. Cuireadar an fear suas ins na [fraghthachai] i dteach an cailín, mar bhí fhios ag na sídheóga go mbeadh féasta mór ins an teach, tar éis an bainnis. bhuel, in a dhiaidh an bhainnis a bhí féasta mór ag na daoine, sa teach. Bhí an féasta, ag siubhal go breagh nuair a leig an cailín sraith, agus níor dhubhairt aoinne, Dia linn, do leig sí sraith eile, acht níor dubhairt aoinne, Di linn, nuair a leig sí an treasna sraith dubhairt an fear a bhí suas ins na fraghthachaib Dia linn a Mháire Ní Uaithín. Le sin thug na sídheóga buille dó agus thuit sé síos ar an mbord. Ón lá sin go dtí an seo, nuair a leigeann sraith, séard a deireann na daoine, ná, Dia linn a Mháire ní Uaithín.

Collector: Domhnall Ó hIfearnáin

Informant: Mach Uí Mhainín, Rosmuck, Co. Galway

Place: Letterfrack, Co. Galway

Footnote: Duchas, http://www.duchas.ie

This page was added on 16/05/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.