Ainmhithe na Feirme

Claregalway, Co. Galway

Tá capall amháin againn sa mbaile. Is láir í. Níl sí acht dhá bhliadhain go leith d’aois. Itheann sí féar agus coirce agus turnaipí. Níl sé i bhfad ó shoin ó cuiramar cúidhthe uirthe. Deirtear nár ceart acht dá chrúidhthe tosaigh a cur ar capall i dtosach. Tá bó againn agus tugann sí bainne dúinn. Itheann sí féar fataí agus turnaipí. Tá dhá adhairc uirhthi. Bíonn sí istigh chuile oíche againn. Tá dá gamhainn againn. Bíonn siad amuigh ins an bpáirc i gcómhnuidhe agus itheann siad féar. Tá asal againn freisin. Bíonn sé amuigh ins an bpáirc i gcómhnuidhe mar ní bhínn sé ag déanamh aon oibre. Tá deich ngéabha cúig cearca franncacha, ocht lachain agus caogadh’s a sé de cearcaibh againn. Béirean na Cearca uibheacha gach lá. Tá cráin agus cúig muca agus dhá bjainbh déag againn. Itheann an cráinn fataí agus duilleóga biadhtais. Bíonn suas le fiche banbh ag an gcráin. Ní bhíos níos mó ná dá searrach ag an láir. Is minic a bhíos trí laogha ag bó.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Tá feil talmhan ag m’athair. Tá go leor ainmhidhthe aige ar an bhfeilm. Tá dhá chapall againn, gearrán agus láir. Bíonn searrach ag an láir gach bliadhain agus nuair a bhíos an searrach bliadhain go leith múíntear í le obair a dhéanamh. Beathuightear na capaill amuigh ar an bhféar glas sa Samhradh acht coinnightear iad istigh san stábla ar feadh an gheimhridh. Itheann an capall féar, coircem turnaipí meacna agus tuighe.
Tá dhá bhó bhainne againn sa mbaile. Bíonn laogh ag na beithidhigh uair sa bhliadhain, Beathuightear an laogh le bainne feadh ceithre mí. Bleaightear an bhó da uair sa ló ar maidin agus sa tráthnóna. Dá mbeadh laogh budóg ag an mbó tiubhrfaidhe go leor aire dí le súil go mbeadh sí ina bhó maith. Itheann an bhíó féar turnapaí meachna agus tuighe.
An Chaora. Tá go leor caorach againn. Beathuightear na caoirigh san Samhradh leis an bhféar glas agus beathuigheatear iad ar feadh an geimhreadh le féar tirm, coirce agus turnaipí. Tugtar muilt ar caoirigh fearthainn nuair a bhíos sí reamhar.
Tá seacht gcin de beithidhigh againn. Tugtar beidhithigh seasca ar bhuidhógaibh nach mbíonn aon laog aca. Beathuightear na beidhithigh sin le fear glas sa samhradh agus le féar tirm turnapaí agus meacna san geimhreadh.  An Mhuc. Tá cúig cinn de mhucaibh again. Beathuightear na muca le fataí, turnapaí, meachna agus bran. Caithfear an biadh a bruith nó ní íosfaidh na muca é. Tá cráin againn freisin. Bíonn bainbh aici dhá air sa bhliadhain. Nuair a bhíos na bainbh deich seachtaine d’aois díoltar iad. Coinnightear na bainbh nó na muca istigh i gcómhnuidhe. Cuirtear fáine i srón na cránach le nach mbeadh sí ag tocailt na talmhan.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Tags: Chaora, bó, cin, capall, coerce, turnaip, muc

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.