Ní h-é an cineal ceadna aráin a bhíodh acu fada agus atá acu anois

Ní deintí aon arán as plúr fadó acht is amhlaidh go ndéanaidís é as cruithneacht nó min choirce agus as seagal agus eorna freisin. Mheileadh na daoine an gráinne sa mbaile le bró. Séard a bhí sa mbró dhá leac chruinn agus cuirtí an gráinne isteach idir iad agus castaoi ceann acu sa gcaoi go meileadh sé. Deintí arán as fataí agus bocstaí a tugtaí air. Déantar an saghas aráin seo fós. Ní bhíodh aon bhácús acu fadó mar atá anois. Sé an chaoi a gcuiridís an tlú treasna ar chúpla splainne agus annsin chuiridís slatacha treasna ar an tlú. Leagaidís an cáca treasna ar an tlú annsin go mbácáladh sé. Bhíodh bealach eile acu freisin le cácaí a bhácáil. Sguabaidís an luath go leathtaobh de’n tealach. Leagaidís an cáca ar an leic te agus chuiridís gríosach ó’s a chionn. Cáca luaithe a tugtaí ar caca mar sin.

Collector: Stiophán Mac Gloinn, Maghrus, Cárna

Informant: Colm Ó Luideáin, Maghrus, Cárna

Place: Moyrus, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.