Ainmhithe na Feilme

Claregalway, Co. Galway

An Caora

Máthracha a thugann na daoine mar ainm ar an gcaoraigh a mbíónn uain aice. Uasgán a thugtar ar na h-uain ó’n uair go mbíonn siad bliadhain d’aois. Muilt a tugtar amar ainm orra ó bhíonn siad dá bhliadhain d’aois. Ins an nGeimhreadh tugtar beathadh laimhe dóibh.

An Bó

Fágtar na ba amuigh sa Samhradh ar an bhféar glas. Nuair a thagas an Geimhreadh cuirtear isteach iad agus ceannghluightear iad le rópa nó le slabhra thart ar mhuineál ar gach aon ceann aca. Tugtar turnaipí agus fear tirim agus roinnt fataí dóibh. Cuirtear leabhaidh maith tuighe futha. Liegtear amach gach lá iad agus cuirtear isteach gach oidhche iad.

An Capall.

Sé an capall a an congantóir is fearr atá ag an bhfeilméar. Bíonn an capall ag treabhadh agus ag fiorseach na talmhan agus ag tarraingt gach ualach a teastuigheann uaidh. Níor mór capall a bhíos ag obair a bheathughadh go maith le neart féir tirim agus turnaipí bruithte agus coirce. Tá go leor cineáil capall ann mar capaill rása agus capaill fiadaigh. Deirtear go leigheasfad bainne an asail an. Dá mbeadh láir taréis an cead searrach a bhreith amuigh i bpáirc d’fhásfadh an t-shamhar Muire ins an spota ar a rug sí an searrach. Deirtear da mbeadh an searrach lag tar éis a bhreithe an teanga dúil a bhruith i mbainne agus a tabhairt dó le n-ól go ndéanfaidh sé láidir é. Deirtear dá mbeirtí searrach sa gCingcighis go mbeadh sé an eibléiseach. Dá bhfuightheá mionnán gabhair de bhronntanas deirtear gur ádhmhail an ud é. Sa n-itheadh an gabhar an craiceann de chrann deirtear nach bhfásfadh sé. Bíonn na gabhair an-bhradach agus cuireann na daoine lonncairt orra. Tá bainne an fheiréid go maith le h-aghaidh an truich a leigheas. Cuireann mo mháthair cúpla fód móna faoin an mbosga in a mbíonn na h uibheacha ar gor.
Deireann na daoine go mb’iad na sicíní is fearr na cinn a tugtar amach amuigh i bpáirc nó ingort.

Collector: Micheál Mac Goill

Informant: Padraig Mac Goill, Cregboy, Co. Galway

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Tá feilm ag mo tahair Proinnsias Mac Goill i dTurloch Bréige. Siad na h ainmhidhthe atá ar an bhfeilm aige na tríocha ‘s a dó de chaoirigh agus dhá chapall agus searrach agus trí ba agus budóg aige. Tá sé gamhna agus gabhair aige freisin. Tá láir agus gearrán aige. Ní bhíonn aon searrach ag an láir acht ceannuigheann sé searrach. Tá asal aige freisin.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Tá capall amháin againn sa mbaile. Is láir í. Níl sí acht dhá bhliadhain go leith d’aois. Itheann sí féar agus coirce agus turnaipí. Níl sé i bhfad ó shoin ó cuiramar cúidhthe uirthe. Deirtear nár ceart acht dá chrúidhthe tosaigh a cur ar capall i dtosach. Tá bó againn agus tugann sí bainne dúinn. Itheann sí féar fataí agus turnaipí. Tá dhá adhairc uirhthi. Bíonn sí istigh chuile oíche againn.

Tá dá gamhainn againn. Bíonn siad amuigh ins an bpáirc i gcómhnuidhe agus itheann siad féar.
Tá asal againn freisin. Bíonn sé amuigh ins an bpáirc i gcómhnuidhe mar ní bhínn sé ag déanamh aon oibre.
Tá deich ngéabha cúig cearca franncacha, ocht lachain agus caogadh’s a sé de cearcaibh againn. Béirean na Cearca uibheacha gach lá.
Tá cráin agus cúig muca agus dhá bjainbh déag againn. Itheann an cráinn fataí agus duilleóga biadhtais. Bíonn suas le fiche banbh ag an gcráin. Ní bhíos níos mó ná dá searrach ag an láir. Is minic a bhíos trí laogha ag bó.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 29/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.