Bia san am fadó

Ballyglass South, Co. Galway

Food Galway (308) Bia san am fadó

Ditheadh na daoine fadó trí bhéile: – an bricfeasta, an dinnéar agus an siupéar. Bhíodh an bricfeasta acú timcheall a naoí a clog, an dinnéar ar h-aon a clog agus an suipéar timcheall a naoí a clog. Déirigheadh siad ar a seacht a clog gach mhaidin. Bhíodh siad ag obair cúpla úaire roimh a mbhicfeasta agus bhíodh goile maith acú.

Ag an mbricfeasta d’itheadh siad leite mine nó leite mine Indian. Bhíodh prátaí acú nuair nach mbíodh leite mine. Bhíodh scoith acú in ionad bainne. Bhí se sin déanta as min coirce agus phlaosc an choice agus uisge fiucta. Mheascadh siad iad tré na cheile le spúnóig agus dfhágadh siad mar sin é ar feadh trí lá ar a laighead. Núair a bhíodh sé géar d’óladh siad an lacht mar bainne. Bheirbigheadh siad an damhnadh stailceach mar leite mine. Déanadh siad an leite le h-uisge fiuchta, min coirce no mine Indian agus bheirbigheadh siad iad.

Ditheadh siad prátaí beirbighthe agus d’óladh siad brachán – bhí se sin déanta as min coirce agus uisge nó bainne beirbighthe. Núair a bhíodh ná prátaí beirbighthe agus síoltughadh siad iad amach ar an sgib. Geibheadh siad fóid móna agus dfhágadh siad an sgib ortha ar an teallach. Suidheadh siad thárt timcheall air agus d’itheadh siad a sháith. Tar éis an dinnéir bhíodh píosa de leite faoí cupóg, acá déanta as min coirce mheascuigthe le h-uisge, acú. Ar na laetha trosga bhíodh sgadán acú. Ní raibh sé ceaduighthe acú bainne a bheith ar an arán acht bhíodh subh acú.

Bhíodh prátaí acu úaireannta ag an suipéar agus bracán agus leite bán eile. Bhí sé déanta as bainne agus min coirce meascuighthe. D’itheadh siad prátaí dá úair sa lá de gnáth. D’óladh siad bainne act nó ró mhinich a bhí sé acú. Duine nach mbíodh bó aige bhíodh gabhar aige. Oidche feile mar atá oidche Nodhlag bhíodh an bord i lár an urláir ag na daoine saidhbhira. Act ní bhíodh ag na daoine bochta acht sgib. Crochadh siad an sgib ar an balla núair nach mbíodh sí ag teastáil uatha.

Tá fíaghail ag fás san gort agus tugtar “brioscáin” air. Tá préamhacha faoí. Piocadh siad na préamhaca agus glanadh siad iad. Bhaineadh siad an croiceann doibh. Geibheadh siad píosa dhmad cothrom agus d’fhágadh siad na préamhacha air. Bhúaileadh siad iad le colpán go dtí go mbíodh siad go léir bríste acú agus d’itheadh siad iad gan bhruith. Bhíodh ann dúil acú san mbeile seo. Is annamh a d’itheadh siad féoil. Se bágún an príomh féola a bhíodh acú. Ní bhíodh caoirféola nó mairtféola in aon chor acú. Ditheadh siad a lán íasg mar atá; – sgadán, eascaoin agus lúis.

Ditheadh siad biolúr agus neanntóga mheascuighthe tríd an bracán. Bheirbigheadh siad go léor cabaiste le blonag nó le im in ionad féola. Ditheadh siad go léor turnipí gléasta le dorn min-coirce. Bhíodh sgadán acú lá Feile Naoimh Padhraig, bruigtín Oidhche Shamhna agus coilleach La Féile Naoimh Máirtín. Um Nodhlaig ceannóchadh siaf únsa tae, dá unsa súicra agus cloch plúr. Domhnach Cásga bhíodh siad ag comhaireamh na n-ubh a ditheadh siad. Ní blasadh siad ubh lá ar bith eile sa mblíadháin.

Seo é an t-arán a diteadh siad, – arán min coirce, arán prátaí, bocstí agus leite faoi cupóig

 

Collector: Máire Ní hEigcheartaigh

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

 

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.