Ditheadh na daoine fadó trí bhéile: – an bricfeasta, an dinnéar agus an siupéar. Bhíodh an bricfeasta acú timcheall a naoí a clog, an dinnéar ar h-aon a clog agus an suipéar timcheall a naoí a clog. Déirigheadh siad ar a seacht a clog gach mhaidin. Bhíodh siad ag obair cúpla úaire roimh a mbhicfeasta agus bhíodh goile maith acú.
Ag an mbricfeasta d’itheadh siad leite mine nó leite mine Indian. Bhíodh prátaí acú nuair nach mbíodh leite mine. Bhíodh scoith acú in ionad bainne. Bhí se sin déanta as min coirce agus phlaosc an choice agus uisge fiucta. Mheascadh siad iad tré na cheile le spúnóig agus dfhágadh siad mar sin é ar feadh trí lá ar a laighead. Núair a bhíodh sé géar d’óladh siad an lacht mar bainne.
Collector: Nóra Ní Caomhánaigh, Kilsallagh, Co. Galway
Informant: Unkown
Place: Ballyglass South, Co. Galway
Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie
No Comments
Add a comment about this page