Nósanna Pósta

Ballyglass South, Co. Galway

An oidhche sin bíonn báinfhéis insan teach. Bíonn an teach lán le daoine cuid aca óg agus cuid aca aosta. Bíonn na cailíní agus na buachaillí ag damhsadh agus ag seinm céoil agus na daoine aosta ag féiceant orra agus ag innseacht sgéala. Bíonn tae mór ag na daoine agus gheibheann cuid aca píosa de cacha na báinnse. In mó cheanntar gléasann cúpla cailiní is buachaillí iad féin in éadaigh gíobalacha agus pucóg ar a n-agaidhte agus teigheann siad isteach chuig an báinfheis agus gheibheann siad lean nó uisge beatha agus bíonn ama spoirt aca ag damhsa leo fhéin.

Collector: Máire Ní hEigcheartaigh, Kilsallagh, Co. Galway

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Lá an pósaidh bíonn áthas ar gach duine. Bíonn teinte móra ar lásadh insna páirceanna. Teigheann an beirt chuig an Séipéal i ngluaisteáin agus teigheann béirt duine – buachaill agus cailín le seasamh leo.

Collector: Máire Ní hEigcheartaigh, Kilsallagh, Co. Galway

Informant: Unknown

Place: Ballyglass South, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.