An Chuinneóg

Claregalway, Co. Galway

Tá chuinneóg againn sa mbaile. Is ceann de na sean-chuinneógaibh í. Tá sí trí troighthe ar aoirde. Tá sé dhá throigh ar leiheid i n-a tóín agus troigh agus ceithre h-orlaigh ar leitheid i n-a h-uachtar.
Déanann muid maistire ins an gcuinneóig dhá uair sa tseachtain san samhradh agus san nGeimhreadh ní dhéanann muid acht uair amháin sa tseachtain í.
Tá dhá bhuin againn sa mbaile.
Bíonn trí rudaí ins an gcuinneóig chun maistire a dhéanamh sin loithne agus claibín agus an clár. Caitheann muid leath-uair ag déanamh an maistire. Cuireann muid uisge te ar an maistire san nGeimhreadh mar go mbíonn an aimsear ró-the.

Collector: Liam Ó Dubhagáin, Montiagh North, Co. Galway

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Tá cuinneóg againn sa mbaile. Ins gach teach beagnach, bíonn cuinneóg. Ins beagnach gach teach bíonn dhá bhuin bhainne. Shí mo mháthair a dhéanas an maistire sa mbaile. Déanann daoine cáis i n-áiteachaibh eile as an mbainne acht im a dhéantar as thart annseo. Leamhnachr (lúnacht) a tugtar ar an mbainne tar éis na bó do bhleaghan. Bláthach a bhíós fágtha san gcuinneóig tar éis maistire a dhéanamh. Tá an bhláthach go maith le haghaidh muc. Tá sí go maith le haghaidh daoine dá mbeadh slaghdan ortha. Deirtear go bhfuil leigheas i mbláthaigh a fiuchadh trí h-uaire le h-aghaidh cácaí is mó a dhéantar bláthach. Tá cúpla cineál cuinneóg ann anois. Sé an sean-chineál atá againn-ne agus ins gach teach ar an mbaile. Tá chuinneóg dhá throigh ar aoirde. Tá loithne innte le bheith dá cur síos agus aníos agus tá an séalán an claibín agus an clúdach innte.

Tá go leor sgéalta agus pisreóga leis an gcuinneóig agus leis an maistire.
Deireann siad dá dtagadh duine isteach agus maistire ar siubhal agus dhul amach arís gan aon bhuille a bhualadh ar an maistire go ngoidfeadh na sidheóga an t-im an oidhche sin. Deireann siad dá dtagadh duine isteach agus maistire ar siubhal agus dhul amach arís gan aon bhuille a bhualadh ar an maistire go ngoidfeadh na sidheóga an t-im an oidhche sin. Deireann siad dhá mbeadh bean ruadh ag déanamh masitire agus duine do theacht isteach go deargadh píopa agus dá ndéanadh sé aon cheo de’n maistire go dtiubhradh sé an t-im i n-a phóca leis. Bhí fear ae an mbaile seo fadó agus ní leigfeadh sé d’aon duine píopa a dheargadh an fhad agus bheadh an maistire ar siubhal. Deirtear go mbíodh bean i bparráiste Anach Cuain fadó agus chuile uair dá mbuaileadh sí buille ar an mbainne acht é bheith san gcuinneóig do bhaineadh sí im dhe acht deirtear go mbíódh draoidheacht aice.

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie


Deireann na daoine gur ceart splannc teine a chur faoin gcuinneóig sul dá dtosuigheann siad ar an maistire ar fhaitchíos go ngoidfeadh na sidheóga an t-im.

Deireann na daoine nach ceart do dhuine splannc teine a thabhairt amach as teach nuair a bheadh an maistire dhá dhéanamh. Craithean cuid de na daoinibh salann ar an gcuinneóig sul a dtosuigheann siad ar an maistire. Casann mo mháthair an loithne timcheall ar an gcuinneóig an fhad is bheadh duine ag déanamh comhartha na Croise sul a dtosuigheann sí ar an maistire a dhéanamh.
Bhí fear ann uair amháin agus chuaidh sé isteach idteach le n-a phíopa a dheargadh agus bhí an maistire ghá dhéánamh agus thóg sé splannc as an teine agus d’imthigh sé amach agus chaith sé an splannc i linn uisge agus ar maidin nuair a chuaidh na daoine as an teach sin amach fuair siad an tim ins an linn-uisge san áit ar chaith an duine an splannc.

Collector: Proinnsias Mac Goill

Informant: Unknown

Place: Claregalway, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

 

This page was added on 29/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.