Sé an galléarach bhiodh aca fadó le haghaidh nigheacháin dheanadh siad cáca baccastaí agus an sug bhiodh faoi, sin é bhiodh le haghaidh phlainín agus seáltai agus stocaí a dheanamh glan. Sugh fataí bhiodh aca le haghaidh éadach cadáis agus éadach síoda agus rudaí mar sin. Sin é an galléarach bhiodh ag na daoine nuair nach raibh aon fallearach ins na siopai chor ar bith. Siad an sórt coinnli bhiodh aca freisin sean piosaí éadaigh a chur síos ar ghéir agus cuireadh siad casadh ionnta agus cuireadh siad casadh ionnta agus cuireadh siad ar tiormughadh iad agus nuair a bhíodh siad breagh tirm lasadh siad iad. Bhiodh brobhanna freisin aca. Bhaineadh siad íad agus thiormóchadh siad iad. Nuair bhiodh siad tirim aca snaimeadh siad iad agus cuireadh siad tré ola nó tré géir iad agus lasadh siad iad agus bhiodh coinnle breagha annsin.
Collector: Seósamh Ó hEidhin, Knock, Co. Galway
Informant: Unknown
Place: Knock, Co. Galway
Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie
No Comments
Add a comment about this page