Seanscéil

Kilronan, Co. Galway

Ins an sean-sean aimsir bhí bean is triur inghin ina gcomhnuidhe i dteacín beag suarach, is iad dhá fagail cruaidh go leór grín a coinneál ina mbeal ag treabadh is ag fursa o mhaidin go h oidhche. Bhi an fód ghlais go tiugh ar uaigh an t-athair a bhí caillte le ceithre bliana déag núair a rugadh an ingin b’óige. Ní raibh an beirt b’shine indan mórán oibre do dheanamh, ach rud beag annseo is annsúd, acht caitfeadh an inghin is óge cuile obair eile do deanamh ar fud an tigh. Aon lá amhain dubhairt an inghin ba shine go raibh sí ag beartugadh go n imtigeochadh sí ag saotrugadh a beatha go raibh sí sathach fada ag the cáca ‘boc’ mar adeir sí féin. Rinne a máthair dhá cáca cáca beag is cáca mór is dubhairt leis an inghin.”Tóg do rotha cáca beag is mo beannacht caca mór is mo mallache” Nior labhair a h-inghin go ceann tamaill. Cuimnigh sí uirre féin ‘boil a mathar’ a deir sí ‘an mar sin aca an sgeal tá fios agac go mbeidhead cúpla lá ag toirighteacht oibre dá bhrígh sin togfaidh mé an bhulóg mhór” Sin an mhathair an cáca cuice is craith laimh lei is a dúbairt léi a beith ag greadadh léi. Bhí sé ina sgalamh gréine ag a 12 a chlog nuair a tarraing an cailín ar tobar beag inaice tigh mhóir ‘ suidheadh annseo go níosfad grím le deoch uisge” thosaigh sí ag smalcadh dí féin annsin ach níor b’fhada gur cuireadh isteach uirthe leim coinín beag geal anios as an tobar bhí cuma an ocrais go dearbha ai. Dimtigh léi annsin go dtainig go dtí an teach mhór gheal agus buail sí cnag ar an dorus d’ osgail bean í tar isteach a cailín agus innis do thrioblóid duinn mar mian bac ” Tá oibre uaim a bean coir le grim a coinneál im béal ‘ adeir an cailín ba í bhí aireach uirre féin!’ Caithfead feachaint bhfuilir cneasta ar dtús adeir an bean ” Éist anois le mo chomhairle fan annsin ar an cathaoir sin agus na turigh isteach san seomra sin thall má tá barun” do leasa romhat” agus leis sin d’imtigh sí amach as an teach mar o dhoigh shuidh an cailin cneasta ar an gcathaoir ach buail imnighe í sheas sí suas is cuir suim ina raibh sa seomra ina raibh sí , bhoil bhí go maigh is Ní raibh go holc, aimideach go leor annál léi ag an dorus an seomra a dubradh léi gan a dul inghar dó , cas an glas is isteach léi go dtí an seomra bhí radhairc úathbasach os comhair a súil bhí an seomra lá de Ór! D’iarr sé píosa árain uirre ” atá sé sáthach gann agam féin ” adeir an gortachán ‘beidh aitmeala ort fós ‘ adeir an creatúir de coinin. Anois a teasbainn a cneasaidheacht rug si ar meall maith óir is shac isteach ina póca é aniar léi as an seomra Dhún an dorus is suidh ar an gcathaoir. Ní luach ina suidhe í ná seo isteacht bean- an-tighe. Chuairtaig a poca ar an cead iarraidh. Bhuail sí clabhta mór ar an giall uirre is amach léi. D’fág an cailín an teach agus an meall ina póca aice. Trathnóna nuair a bhí sí ag teannaidh le na teach fein d’airigh sí an meall ag leagha ina póca thóg sí amach í ag farior ní raibh se buidhe glegeal nios mó ach liath-glas mar cloch caith sí uata ina hoighid é is isteach léi abhaile d’innis sí an sgeal dá mathair ‘ba maith an mhaise duit é “an meid freagra de sasadh a fúair sí síl an gleacaide go bfuigfeadh sí plámás ach ní mar a siltear bítear .”Bideach” Seactmhain ina dhiaidh sin bhí an dara inghin ag dul ag cuairtú oibre is go saotrocadh si a beatha ‘ atáim satac fada ag (deanamh) tochras sraith diobh adeir sí is amach léi leis an meud a bhí tocrasaí(aige) aice . Rinne an mathar dhá boilín ach ba é an builín ór a togha sí. Dimtigh lei, casadh an coinín uirthe ach ba é an toradh ceadhna tug sí air is tug a driothbhar roimbe bhí an marach ceanann ceadna uirte is bhí ar an inghin ba sine! Cuaidh sí go dtí an teach mór ach ní ní bean a tainig ach fear. Lean sí é isteach san teach bí an bean ag fuint cáca, ach tug si an comhairle ceadhna di is a thug si d’on cailín eile, d’imtigh si annsn ach tainig an”dútchan” arís uirre is isteach léi san seomra. Táinig bean an tige istech bhuail dhá clabhta as an leiceann is d’fág rinn a méara in leiceann. D’imtigh sí abaile d’iom buidheach go maith dí fein. Fuair sí an sasadh ceadhna is a fuair an cead inghin. Ar deire tháinig an lá nuair a d’imthigh an triomadh inghin. Anois a leighteoir, ní raibh an imteacht ceadhna léi seo is a bhí leis an mbeirt eile. Bhí sí cuain socair cneasta agus rud eile bhí sí an cionnmar ar a mhathair agus teasbainn sí é mar nuair a bhí an dá nulóg fuinte bruidte b’fearr léi an builín beag is beanacht a mathair. D’imtigh sí annsin gan focal na faic go dtainig sí go dti an tobair ina raibh an coinín , Bhí sé ina suidhe ar gob an tobair bí cuma an ansió agus an ocrais “Cá cuma an ocrais orr andto gteá píosa beag aráin uaim cé nach bfuil se go han galanta ach iosfaidh an ocras rud ar bith.Is fior sin adeir an ???? atá an ocras orm .’Ta me annseo leis na blianta , agus nior tairringhead dom plaic go dtainic tú i leith chugam agus ar do maitheas tabhairfaidh duit comhairle tair ag dul ar lorg oibre agus an b’fhuar an teach sin ta boil ‘ tá cailin ag iarraidh ann ach tá rud lé deanamh aca agus is é an rud é sin na – gan a dul isteach i seomra aithrid , níl san seomra ach cloch atá dath an óir uirre- agus an turigh tusa isteach ann cuaidh leirt cailín é an t- seachtmhain seo caithte isteach ann agus ní buigheadh a bhi si diobh na iad féin . Slán leat anois’ adeir an coinín. ‘Slán leath ” adeir an cailín ‘ Is go raibh maith agat’. Leis sin d’imtigh sí tainig sí ar an teach is do bhuail go múinte air. D’osgail bean láthac é is isteach léi, lean sí an bean is teach go ti an cisteanach. Anise a d’innis sí a cás. D’fág an bean isugh i is dubhairt lei gan a dul inghar don seomra. an bean abhaile, “Is tú is cneasta a casadh liom o taingicear isteach san teach seo is is fada ann mé”. Tug sí airgid dí is bosca beag “Osgail an bosca anois” adeir sí “Ceard a feiceann tú” “Cím bioran ar dhath an óir” adeir an cailín “bhoil ma leagann tú as do ceann beidh an croinn is deise ort. ceard eile a feacann tú ann “Feicim píosa snaith caol” “bhoil craith é sin san aer is gheobhar capall is áilne feisighe amach le srian is diallaid” Ceard eile a fhaeir “Sílim gur snáid atá ann” adeir an cailín “Seadh, má craitheann tú ar do gúna is do chosa é beidh an guna is na bróga is deise ort nach connaic banrioghan ariamh” “Ó is mór é mo buidhceadhas duit go deimhin adeir sí. Nior corruigh an cailín den stól ina raibh sí in suidhe go dtáinig. Annsin d’imtig si abhaile di féin agus tug an t-airgead dá mathar. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Cúpla lá ina dhiadh sin bhí aonach le bheith ann agus chuile duine a bhí indan bhí sé ann ach ní deachadh an cailín cneasta aige d’fan sí istigh connaic sí a seans le theasbhaint go raibh sí saidhbear cé gur breathnughadh uirre gur duine de na bochtan ba mho san tír í. Bhí idir saidbir is dairbear ag an aonach mar adeir an sean-fhocal” mara mbeidh agat ach pocaide bhí ilár an aonaigh leis
Bhí an aonach go maith idir díol is ceannacht nuair a táinig cailín áluinn ag marcuigheacht ar capall isteach thrid an aonaigh ach d’imthigh sí go hobhainn arís. Chuaidh sí abhaile arís is bhain sí a chuid eadaigh go léir agus súidh sí sios cois tealaigh aris. Táinig a mathair is a cuid. Driotar abhaile is d’innis dí ceard a coinniceadar ach nior cuir sí aon suim ann. Lá ar na marach d’fan an mathar istigh agus an driothbathar b’óige agus d’imtigh an cuid eile leo bhí mac an Ríogh ina sheasamh ag an geata ag fearadh go b’feacadh sé an t-aontuigheas. Táinig sí fein is a mathair isteach ar caiple trid an aonaigh. Shil an boc de mac an Riogh go ndeanadh sí martach ar leis ach can níor breannuigh sí air. Thairring sé an bróig dí is choinnigh í nuair a bhí sí ag dul thairis. Níor sheas an t-aonach ach dá lá agus lá ar na mhárach Cuaidh mac an Righ timcheall ag tóirigteacht an bhean ar léite an bróg. acht a uanure rith an bróg saus ar a cor. Rinne an Riogh aonruighias ach d’innis an cailín an sgéal dó. Pósadh lá ar b’árach iad bhi bainfeis seacht lah is seacht oidche aca bi togha gach bidh is gach dich ann go saidhbhir is go daibhear. Rinne sí saidhbir a beirt driothbathar ina mathair is mairigead ar go sonna as sin amach ní raibh cead clamhrán aca faoi cácaí bog na faoi leit ag tochras snaidh. Brighis Ní Chonghaile mhainistir Árainn fuaireas an sgeal seo o mo mathair mairgead bean ui Chongaile a rugadh is a togadh in Inismeadhpon Árainn Co na Gaillimhe.

 

Collector: Brighid Ní Conghaile, Monasterkieran or Monasterconnaughtagh, Co. Galway

Informant: Mairgead Bean Uí Chonghaile

Place: Kilronan, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

 

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.