Bia na seanaimsire

Carna, Co. Galway

D’itheadh na daoine trí bhéilidhe biadh sa ló fadó. Sé an t-ainm a bhí aca ar gach béile ná bricfeasta, dinnéar agus suipéar. D’ithidís ceann ag a naoi a chlog sé sin a mbricfeasta, agus a ndinnéar ag a trí a chlog agus a suipéar ag a naoi sa Samhradh agus ag a deich san Geimhreadh. Ba ghnáthach le daoine a dhul amach ag obair roimh a mbricfeasta cuir i gcás ag gort-ghlanadh nó ag baint féir le haghaidh beithidhigh. Bhíodh arán agus tae aca ar a mbricfeasta agus im a dheinidís fein sa mbaile, fataí agus bainne ar a ndinnéar, agus arán agus tae arís ar a suipéar agus go han minic min-choirce agus bhíodh sí an-deas, mar bhiodh bainne air agus corr-uair chuirtí siúcra air.
D’ithidís fataí go minic mar do b’é an biadh ba choitianta é a bhíodh ag na daoine. D’óltaí a lán bainne go minic agus go mór-mór bainne géar. An t-am sin bhíodh an bord i dteannta an bhall agus is minic a crochtaidhe suas é nuair nach mbíodh beile ar siubhal. Bhiodh trí shaghas aráin ag na daoine fadó, arán min-choirce, arán fataí agus arán bocstí agus b’álainn an biadh é agus bhíodh dúil ag gach duine ann. Dheintí an bocstí as fataí sgríobhtha agus dheintí arán fataí as cúpla glaic plúir meascaithe le cúpla fata. Ní ití feoil chor ar bith fadó ach anois is arís caoir-fheoil. D’ití a lán éisc agus bhíodh sé an-fholláin, gheibhidís é sin ins an bhfarraige go h-an flúirseach. Bhíodh biadh speisialta ag na daoine uile Domhnach Cásca agus rudaí eile mar sin cnuasach trágh Aoine an Chéasta agus mar sin de.

Collector: Nóra Nic an Iomaire, Cuilleen, Co. Galway

Informant: Unknown

Place: Carna, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.