Poitín

Pollagh, Co. Galway

Má tá an poitín i riocht bluire beag ime a coinneál ar uachtar na dighe tá sé “os cionn Proof!” Annsin feadfaidh tú uisge a chur isteach ann go dtuitfidh an tim go tóin an ghloine acht gan nios mó uisge a cur isteach ann. Tá “Proof” agat ansin. Comhortha eile go bhfuil sé laidir má coinnigheann sé na coiricíní nu na boiligíní le tamall maith théis craitheadh a thabhairt dó.

Deantar poitín mar seo:-

Faigtear dabhac mór nu baraille, nu dhá bharaille reir an méid arbhair a bhíos aca. Annsin cuirtear an tarbhar i malaí agus togtar ag an loch é. Deantar é cur a bogadh san loch go ceann seachtmhaine. Togtar é ansin agus cuirtear an an gcill é chun é do thiormú. Caithfidh na daoine a bheith an-aireach faoin gcaoi nach mbeadh an tarbhar doighte. Ní beadh moran poitín ar an arbhar agus rud eile ní bheadh sé go maith dá mbeadh sé doighthe. Ar a bheith tirm do caithfear é thabhairt ag an muillean chun é do mheile. Abhaile leis ansin agus cuirtear i mbarraillí é. Cuirtear uisge te, (a bhí fiuchta) air agus braith. cuirtear cludach maith ar an mbairiile agus fagtar ansin é le oibriú déanann sé oibriú i gcionn ceithre lá. Tógtar é annsin nuair atá an bárr tuitighthe sios go tóin an bharaille agus curitear isteach sa bpota nu san “still” é. Cuirtear teine bheag faoi. Teigheann an caipin ar an bpota annsin agus an piopa casta, an “worm” síos i mbairille fuar uisge. Teigeann an gal amach trí an pioba cam casta agus amach i soitheach beag atá faoi. Deantar é seo leis an mbeóir ar fad. Tá an “singil” agat ansin.

Nuair atá an singil ar fad carrnuigthe caithfear é cur isteach sa bpota aríst agus é a tharraint airíst. Tá poitin agat ansin.

Is fearr an cead galun a thiocfas amach na an chuid eile dhe An “Blogam Bróach” nu “Tús a’ phota” a dtugtar ar seo. Tá sé an láidir agus bionn sóir air le haghaidh scoilteacha. Cuirtear fuar uisge isteach san bpoitín annsin go mbí sé lagaigthe aca síos go “Proof.”

Collector: Unknown

Informant: Unknown

Place: Pollagh, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 25/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.