Scéaltaí Grinn

Moyrus, Co. Galway

Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Lá amháin dubhairt sé leis an mac go mbeach air dul go conndae Mhuigheo le muc. Dubhairt sé go raibh duine uasal ag cainnte leis fhéin an lá ceana agus go raibh sé ag iarraidh muc le ceannacht. Liam a bhí mar ainm ar an duine uasal agus dubhairt an t- athair leis an mac ‘ Sir” a thabhairt air nuair a bheadh sé ag cainnt leis. D’imthigh an buachaill leis nó go dtáinig sé chomh fado le conndae Mhuigheo. Nuair a shroich sé teach an duine uasail tháinig an duine uasal amach roimhe agus d’fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul. D’freagair an buachaill mar seo: ‘Cuir sir m-athair, sir mise, le sir muice, ag sir Liam”.

 

Collector: Maitias Mac Donnchadha, Letterard, Co. Galway

Informant: Seán Mac Donnchadha, Letterard, Co. Galway

Place: Moyrus, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.