“Fadó ní h-é an saghas aráin tá acu anois a bhíodh acu.”

Is amhlaidh a mheileadh na daoine coirce nó eorna le bró. Ar dtús cruadhaigh an coirce i bpota. Sé an sórt rud bró ná dá leic chruinn a mbíonn dhá pholl ar an gceann uachtar. Bíonn maide i gceann acu le bheith ‘á chur timcheall agus is sa gceann eile a leigtear síos an coirce. Bíonn éadach glan leagtha faoi’n mbró agus is an éadach sin a thagas an coirce amach. Nuair a bhíodh sé sin déanta leis bhíodh sé réidh le h-aghaidh cáca a dhéanamh dhe. Bhíodh an saghas cáca seo ró bhriosg le’n ionntú acht sé an chaoi a gcuirt… ar rud cruinn ar a dtugtaí cruinneán é ó’s comhair na teine. Bhíodh saghas aráin eile acu ar a dtugtaí bocstaí agus is as fataí a dheinidís é. Ar dtús glantaí na fataí le scian agus annsin nightí iad. Sgríobtaí iad le píosa stáin a bhíodh tollta le meanaithe. Fáisgtí an t-uisce asta le iad a chur isteach i bpíosa éadaigh agus a bheith ‘á brúghadh nó go mbeadh sé tirm. Caithtí an t-arán seo a dhéanamh an tanaidhe nó ní bh’féidir a ithe bheadh sé chomh righin sin.

Collector: Micheal Mac an Iarl, Leitir-Árd, Caiseal

Informant: Peadar Ó Iarla, Leitir-Árd, Caiseal

Place: Moyrus, Co. Galway

Footnote: Duchas, ‘The Schools’ Collection’, www.duchas.ie

This page was added on 27/04/2017.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.